![]() | ||||
|
Seoladh Leabhair Aibhléis Bhí slua mór cruinnithe nuair a sheol Bríd Horan, Stiúrthóir Sholáthar Custaiméara agus Sheirbhísí Grúpa, AIBHLÉIS - Stair úsáid an Leictreachais. Ar dtus, chuir Breandán ó Dubhshláine, Bainisteoir Cartlainne agus Oidhreachta Bhord Soláthair an Leictreachais, fáilte roimh an lucht éisteachta agus go háirithe roimh Mícheál ó Bréartúin, údar an leabhair, roimh a bhean Pádraigín agus roimh a gcúram. Rinne an Stiúrthóir an seoladh agus duirt sí: "Is údar áthais agus mórtais dúinn a leithéid seo leabhair a theacht ó dhuine dár gcomhleacaithe. Ba mhaith liom comhgháirdeas a dhéanamh le Mícheál as ucht an leabhair idir téacs agus léaráidí." Cuntas don 'ghnathléitheoir' atá sa leabhar ar cé mar a chuir an cine daonna eolas ar an leictreachas ó chéad-ainmníodh é i 1600 agus ar cé mar a bhaineamar leas as ó chéadchuireadh sruth leictreachais ar fáil in 1800, go hairithe i gcúrsaí soláthair, cumarsáide agus iompair, in éirinn agus i gcéin. Thug Bord na Leabhar Gaeilge coimisiún do Mhícheál faoi Scéim na gCoimisiún agus ba mhór an tógáil croí dó a leithéid a fháil. Ag an ócáid, labhair an foilsitheoir Pádraig ó Snodaigh agus Jock Mc Evoy, ball den Roth, craobh Ghaeilge Chumann na nInnealtóirí. Labhair Mícheál go gairid faoi phríomhghnéithe an leabhair, ghabh buíochas le lucht a chúnta agus go háirithe le BSL as ucht ócáid chomh taitneamhach a chur ar fáil. Bhronn an Bord cóip den leabhar ar a raibh i láthair. AIBHLÉIS is an account for the 'general reader' of how mankind has learned about electricity since it was first named in 1600 and how, since an electric current was first produced in 1800, we have come to supply and use it. The book by Mícheál ó Bréartúin, formerly of System Operation Department/ National Grid, was launched by Brid Horan, Executive Director Customer Supply & Group Services, ESB. She praised the author and complimented him on the quality of the research and on his storytelling ability. She also praised the publisher on the design and layout of the book and referred particularly to the cover. Publisher Pádraig ó Snodaigh spoke about the contribution the author had made both to the Irish language and scholarly research. Jock Mc Evoy from an Roth, the Irish Language Branch of Engineers/ Ireland, highlighted the broad expanse of the subject matter covered by the book. Each guest was presented with a complimentary copy of Aibhléis on departure. The event was organised by Brendan Delany, Archive & Heritage Manager, Shared Services ESB, who also acted as the MC for the evening. |
![]() Pictured: Ciarán Ó Bréartúin, Jock Mc Evoy, Mícheál ÓBréartúin, Brid Horan Executive
Director Customer Supply & Group Services ESB and Padraig Ó Snodaigh. |
|||
| Disclaimer | Privacy | Accessibility | www.ESB.ie | |||||