Oíche Ghaelach i gCorcaigh
Reacht áileadh Oíche Ghaelach le déanaí ag An Crúibín, Sráid Anglsea, Corcaigh. Ba í Treasa Ní Muirchú, an tOifigeach Gaeilge, agus James Foley, ElectricAid, a d'eagraigh an ócáid. Bhí sé seo ar siúl le linn an OktoberFest de chuid ElectricAid agus leagadh béim ar oidhreacht na hÉireann agus ar an sár-obair a thugann ElectricAid faoi sa tír seo agus thar lear. Cuireadh an t-airgead a fuarthas ar an oíche i gCiste Catherine O'Leary.
Máthair óg as Corcaigh is ea Catherine a bhfuil 'locked in syndrome' uirthi, tar éis di sraith strócanna a fhulaingt i ndiaidh obráide chun siad a bhaint amach, a chuir pairilis uirthi. Úsáidfear an t-airgead a gheofar chun a teach a athchóiriú ionas gur féidir léi filleadh abhaile chuig a mac óg agus a páirtí.
Bhí ceol á chasadh ar an oíche ag foireann ESB agus daoine muinteartha leo lena n-áirítear Kathleen Joyce, a d'eagraigh an chuid is mó den cheol. Ba í Clare Horgan an aoi speisialta ar an oíche.
Bhí raifil ann in raibh roinnt duaiseanna maithe, ina measc: teilifís, béile do bheirt ag Jacques agus ranganna Gaeilge.
Bronnadh seic le haghaidh €800 ar Pat O'Leary, athair an tairbhí, Catherine O'Leary, a ghlac ar son a iníne é, ag cur iúl go raibh sé buíoch d'fhoireann ESB agus ElectricAid as ucht a gcúnaimh ag an am seo agus a theaghlach i gcruachás. Chuir coiste ElectricAid in iúl freisin go mbeadh said sásta saineolas leictreoirí ESB a roinnt chun an sreangú is gá a sholáthar san fhoirgneamh nua.
