electricmail logo January 2009   search Electricmail
GeneralESB Power GenerationCS & GSESBIESB NetworksSafety, Health & Environment Life Last Word
ESB Power Generation
 

Bricfeasta trí Gaeilge

Tharla an dara Bricfeasta Trí Ghaeilge ar an 21 Samhain nuair a tapaíodh deis iontach do na rannpháirtithe fónamh a bhaint as taithí fhairsing ár n-aoichainteora, Úna Uí Lachtnáin, agus a raibh le rá aici ar chúrsaí cultúrtha agus Gaeilge. Tá Úna ina ball de Bhord Forbartha Chomhairle Cathrach Bhaile átha Cliath agus sa chaint a thug sí roinn sí a taithí linn ar fhorbairt bheartais ar ilchultúrachas agus lánpháirtiú mionlach i gcathracha móra. Ar cheann de phríomhfhreagrachtaí aon Chomhairle Cathrach tá an-tábhacht le luach ard a chur ar an Éagsúlacht i measc shaoránaigh na cathrach agus mhínigh Úna an cur chuige a bhí ag Comhairle Cathrach Bhaile átha Cliath le rannphairtíocht baill an phobail a uasmhéadú. Tá an-aithne ar Úna i gceantar Chluain Tarbh mar a bhfuil sí mar bhall gníomhach den phobal agus mar bhall de Choiste Náisiúnta Oireachtas na Gaeilge agus í páirteach leis an nGaeilge ón am a bhí sí an-óg.

Eagraíonn ár nOifigeach Gaeilge an Bricfeasta Trí Ghaeilge atá dírithe ar spás a chruthú don fhoireann a gCúpla Focal a chleachtadh in atmaisféar neamhfhoirmiúil atá gan strus agus béim ar chomhrá agus cumarsáid. Deis a bhíonn ann gnáthimeachtaí laethúla a phlé 'As Gaeilge' rud a chuireann le foclóir agus féinmhuinín na ndaoine ar mian leo úsáid níos mó a bhaint as an méid den teanga atá ar eolas acu.

Imeacht rialta míosúil ata in Bricfeasta Trí Ghaeilge agus tá fáilte roimh gach éinne ar mian leo Gaeilge a labhairt a bheith páirteach. Tionólfar an chéad imeacht eile i lár mhí Eanáir san Ard-Oifig agus ta se beartaithe an rud a aistriú go dtí ionaid eile ar fud na tíre sa Bhliain Nua.


Dá mba mhian leat imeacht cosúil leis seo a eagrú i do cheantar féin déan teagmháil le Treasa ag 01 7027913 nó r-phost treasa.nimhurchu@esb.ie chun teacht ar bhreis eolais.


Bricfeasta trí Gaeilge

The second Bricfeasta Trí Gaeilge took place on 21st of November last and provided an excellent opportunity for the participants to benefit from the extensive experience of our guest speaker, Úna Uí Lachtnáin, in matters cultural and Irish. Úna is a member of the Dublin City Council Development Board and in her address she shared her experiences of policy development on multiculturalism and integration of minorities in major cities. Valuing Diversity among its citizens is a key responsibility of any City Council and Úna explained the approach Dublin City Council had taken to maximise the participation of members of the community. Úna is well known in the locality of Clontarf where she is an active member of the community and is a member of the National Committee of Oireachtas na Gaeilge having being involved with the Irish language from a very early age.

Organised by our Irish Language Officer Bricfeasta Trí Gaeilge provides a space for staff to practice their Cúpla Focal in a relaxed informal atmosphere where the emphasis is on conversation and communication. The occasion also allows for discussion 'As Gaeilge' of everyday events thus improving vocabulary and providing a new confidence to those who wish to experiment more with their knowledge of the language.

Bricfeasta Trí Gaeilge is a regular monthly event and all who have a wish to engage with others through Irish are welcome. The next event will be mid January in Head Office and it is planned to rotate the event to other venues around the country in the New Year.


If you would like to organise a similar event in your area contact Treasa at 01 7027913 or e-mail treasa.nimhurchu@esb.ie for further information.

  A photo of Treasa Ní Mhurchú agus Úna Uí Lachtnáin ag Bricfeasta trí Gaeilge. Treasa Ní Mhurchú and Úna Uí Lachtnáin at the Irish language breakfast.
Pictured: Treasa Ní Mhurchú agus Úna Uí Lachtnáin ag Bricfeasta trí Gaeilge. Treasa Ní Mhurchú and Úna Uí Lachtnáin at the Irish language breakfast.

 
ESB logo Disclaimer | Privacy | Accessibility | www.esb.ie