![]() | ||||
|
Bricfeasta Trí Ghaeilge Aibreán Bhí an t-ádh ceart linn ar an ócáid seo agus Des Geraghty, Bleá Cliathach amach is amach agus fear ceoil, a bheith againn mar aoi-chainteoir. Labhair Des go geanúil ar a óige, é ag éirí aníos i Margadh an Arbhair in aice le hEaglais Críost Rí i lár chathair Bhaile Átha Cliath, áit a raibh tionchar air ag an saibhreas mór ceoil thraidisiúnta, saibhreas nach mbeadh súil leis b’fhéidir, agus lean sé leis an spéis sa cheol. Bhí dlús mór tithíochta san áit ag an am agus ní raibh rogha ag duine ach aithne a chur ar a chomharsa. Bhí aithne ag Des ar dhaoine cáiliúla de chuid Bhaile átha Cliath mar Brendan Behan, agus muintir Furey agus Luke Kelly, mar bhí aithne mhór orthu sa cheantar. Ba é seo an tráth sular aistrigh Comhairle na Cathrach na daoine go dtí bruachbhailte Chroimghlinne, Dhroimneach, Chabrach agus Bhaile Formaid, aistriú a leáigh agus a scaip buanna na ndaoine a mhair chomh gar sin dá chéile. Bhí ionadh orainn a chloisteáil gur ar na bildeálacha i Londain agus ó navvies Chonamara, daoine nach raibh mórán Béarla acu, a d’fhoghlaim Des a chuid Gaeilge. Fuair sé gean an uair sin freisin ar an gceol Gaelach. Is ceoltóir den scoth é Des agus casann sé in éineacht lena iníon Nora ag Club Clé, tráthnóntaí Céadaoine i Halla na Saoirse i mBaile átha Cliath. Fear ceardchumainn a bhí riamh i Des agus nuair a d’fhill sé ar Bhaile átha Cliath chuaigh sé isteach i ngluaiseacht na gceardchumann agus bhí sé ina Ard Rúnaí ar SIPTU, ceann de na ceardchumainn is mó sa tír. Agus é sa ról sin, rinne sé obair mhór ó thaobh struchtúir na comhpháirtíochta náisiúnta agus ó thaobh chomh maith agus a d’éirigh le gluaiseacht na gCeardchumann in Éirinn. Ainneoin go bhfuil Des ‘ar phinsean’, bíonn baint aige le tionscadal éigin i gcónaí, bíonn sé ag déanamh clár do TG4, ag scríobh leabhair, nó díreach ag eagrú ceolchoirmeacha. Ceapadh le gairid é ar Bhord Gréasán BSL, léiriú ar an omós atá ag dul dó. |
![]() Pictured: Des Geraghty ag caint ag an bricfeasta.
| |||
| Disclaimer | Privacy | Accessibility | www.ESB.ie | |||||